You are here:
- Home
- School Books
- Secondary School
- Junior Cycle
- Mol an Oige 2
Description
Characteristics
No Reviews
Description
Is do scoláirí Dara agus Tríú Bliana é Mol an Óige 2 (Gnáthleibhéal) agus tá sé ag teacht leis na treoracha atá leagtha amach i Sonraíocht na Sraithe Sóisearaí don Ghaeilge (L2) agus sa Chreat don tSraith Shóisearach.
- Tá seacht gcéim i ngach aonad: Céim a 1: Litríocht agus Cultúr, Céim 2–6: Cumas Cumarsáide agus Céim a 7: Athbhreithniú agus Féinmheasúnú.
Léirítear na Torthaí Foghlama mar chuspóirí foghlama soiléire. - Tá liosta de na Torthaí Foghlama cuí i gcás na dtrí shnáithe ag tús gach céime.
- Rannóg Chur i Láthair ina bhfuil ábhar, stór focal agus modhanna éagsúla chun réimse leathan topaicí a chur i láthair, rud a chuidíonn le scoláirí agus iad ag ullmhú do MRB 2.
- Tá tagairtí rialta don Mheasúnú chun Foghlama (McF) sa leabhar.
- Aibhsítear gníomhaíochtaí a d’fheilfeadh don Mheasúnú Rangbhunaithe.
- Is féidir le scoláirí féinmheasúnú a dhéanamh ag úsáid na dticbhoscaí sna rannóga ‘Féinfheasacht an Fhoghlaimeora: Féinmheasúnú’.
- Pléitear gnéithe de chultúr na hÉireann agus saol na Gaeltachta ar bhealach cuimsitheach.
- Cuirtear béim ar an litearthacht leis na heochairnathanna agus an réamhobair sa rannóg chluastuisceana.
- Múintear an ghramadach i mbealach comhtháite, agus tá aonad gramadaí ar leith ann a thugann deiseanna breise staidéir don scoláire, agus a chinntíonn feasacht teanga.
- Tá Ceist ilmhódach i ngach aonad.
Acmhainní SAOR IN AISCE do Scoláirí
- Sa Punann agus Leabhar Gníomhaíochta tá:
- Gníomhaíochtaí ina gcruthaíonn an scoláire samplaí oibre
- Gníomhaíochtaí a thacaíonn leis na haonaid
- Traenáil sa dréachtú agus athdhréachtú
- Loga gramadaí
- Bileoga Féinmheasúnaithe/Machnaimh
- Dhá thriail chluastuisceana shéasúracha
- Ar CD 1 na Scoláirí tá na míreanna fuaime do na rannóga’
- Cur i Láthair’, na dánta atá sa téacsleabhar agus na trialacha cluastuisceana ón Punann agus Leabhar Gníomhaíochta.
- Ar CD 2 na Scoláirí tá an t-ábhar cluastuisceana ar fad ón téacsleabhar.
INCLUDES FREE Portfolio book and Student CDs
PUBLISHER: Gill Education
ISBN: 9780717180318
School Level: Secondary
Class: Junior Cycle
Subject: Irish
Publication Date: October 2018
Author(s): Caitríona Ní Shúilleabháin and Triona Geraghty